Cló Iar-Chonnachta le caibidil nua a scríobh

CUIRFIDH AN teach foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnachta, ceann ar chaibidil nua i litríocht na Gaeilge Dé Luain

CUIRFIDH AN teach foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnachta, ceann ar chaibidil nua i litríocht na Gaeilge Dé Luain. Is ansin a sheolfaidh bunaitheoir agus stiúrthóir Chló Iar-Chonnachta, Mícheál Ó Conghaile, úinéireacht a chomhlachta ar iarchatalóg na bhfoilsitheoirí, Sáirséal Ó Marcaigh, go hoifigiúil.

Leis an ócáid a chomóradh, tá Cló Iar-Chonnachta ag cur athchló ar chuid de na saothair is aitheanta i litríocht na Gaeilge a d'fhoilsigh Sáirséal Ó Marcaigh, saothair atá as cló le tamall: Scáthán Véarsaí le Seán Ó Ríordáin; An tSraith ar Lár agus Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain; Sionnach ar mo Dhuán le Breandán Ó hEithir; Beagnach Fíor le Pádraic Ó Conaire agus Amhráin Chúige Uladh atá curtha in eagar ag Colm Ó Baoill.

Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh agus a bhean, Bríd Ní Mhaoileoin, a bhunaigh Sáirséal Ó Marcaigh, nó Sáirséal agus Dill mar a bhí air, in 1945 agus é mar chuspóir acu litríocht na Gaeilge a fhorbairt agus cuidiú le scríbhneoirí i nGaeilge. Bhain an comhlacht cáil amach as feabhas agus tábhacht a gcuid leabhar.

Ar na foilseacháin eile a tháinig uathu bhí Dúil Liam Uí Fhlaithearta; Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire; Bullaí Mhártain le Síle agus Donncha Ó Céileachair; Lig Sinn i gCathú ó pheann Bhreandáin Uí Eithir agus ábhar eile le Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, agus Máire Mhac an tSaoi.

Sa bhliain 1981 cheannaigh Caoimhín Ó Marcaigh an t-inphrionta, agus tugadh Sáirséal Ó Marcaigh ar an chomhlacht ó shin.

Mhol Ó Conghaile an comhlacht as an obair a rinne siad agus bhí áthas air go raibh deis aige leanstan léi: "Bhí suim agam ann le tamall agus dúirt Caoimhín Ó Marcaigh liom roinnt mhaith blianta ó shin go mbeadh suim aige ann am éigin.

"Tá siad ar cheann de na comhlachtaí is luachmhaire atá ann ó thaobh stádais agus ceannródaithe a bhí iontu ina ré féin. Ba iad a d'fhoilsigh an bheirt mhórscríbhneoirí a bhí ann, Máirtín Ó Cadhain agus Seán Ó Ríordáin. Tá siad ag teacht leis na haidhmeanna a bheadh ag Cló Iar-Chonnachta."

Chuir Cló Iar-Chonnachta catalóg le chéile den ábhar ar fad a chuir Sáirséal Ó Marcaigh i gcló agus tá siad ag smaointeamh ar chuid den saothar a fhoilsiú i dteangacha eile, áiseanna oideachais a fhorbairt agus méadú a dhéanamh ar an méid ábhair atá ar fáil ar líne:

"Ó thaobh na staire de tá fáil anois ar liosta iomlán de na leabhair ar fad a foilsíodh le Sáirséal. Den chéad uair tá fáil air sin uilig.

"Beidh an chatalóg ar fáil ar an Idirlíon agus beidh daoine in ann na teidil a cheannach ar an Idirlíon freisin. Ó thaobh Chló Iar-Chonnachta de tá foireann lánaimseartha ann agus tá muid in ann rudaí mar seo a láimhseáil ar bhealach níos cuimsithí ná foilsitheoirí eile dá bharr sin."

Is ar Óstán na Páirce, an Spidéal, Co na Gaillimhe, ag 8pm Dé Luain a bheidh an ceiliúradh. Is é Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a sheolfaidh an chatalóg go hoifigiúil agus beidh aoichainteoirí eile i láthair, ina measc Caoimhín Ó Marcaigh féin.

Guth Gaeltachta

BA DHOILIGH gan suntas a thabhairt do fheachtas Ghuth na Gaeltachta in Óstán Mount Errigal i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, mar a raibh formhór imeachtaí an Oireachtais ar siúl an deireadh seachtaine seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bhí bileoga á scaipeadh, páistí ag rith thart le balúin agus meirgí le lógó an fheachtais ar crochadh ar na ballaí.

Feachtas in aghaidh na gciorraithe sin i dTuarascail Mhic Cárthaigh a bhaineann le Gaeilge agus leis an Ghaeltacht atá ann agus is iad na ciorraithe sin is mó a bhí faoi chaibidil ag an seimineár, An Ghaeilge: an Fiche Bliain Romhainn a d'eagraigh Conradh na Gaeilge maidin Dé Sathairn.

An Coimisinéir Teanga, Sean Ó Cuirreáin, a bhí sa chathaoir agus bhí Aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív, uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fheargusa, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais agus oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aodhan Ó Dea, mar aoichainteoirí ann.

Mac Niallais is faide a labhair. Chuir sé síos ar na cúiseanna a bhí ag muintir Ghaoth Dobhair le tús a chur lena bhfeachtas mí Lúnasa seo caite.

Tar éis dó anailís a dhéanamh ar Thuarascáil Mhic Cárthaigh bhí oibrithe amach aige go raibh gearradh siar 9.4 faoin gcéad ar an mheán á mholadh sa tuarascáil do na ranna rialtais le chéile ach go raibh 32 faoin gcéad le déanamh ar bhuiséad an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus, laistigh den Roinn sin, gur bhain 58 faoin gcéad de na ciorraithe le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.

Ghlac siad leis go gcaithfeadh ciorraithe bheith ann ach shíl siad gur léirigh moltaí Mhic Cárthaigh nach raibh luach ar bith ar an Ghaeltacht.

In áit na mná tí agus dreamanna eile bheith dul i mbun feachtas dá gcuid féin bheartaigh siad feachtas láidir aontaithe a thosú agus iad ag súil go bhfaigheadh siad tacaíocht ó na Gaeltachtaí eile agus ó chomhairlí contae agus ionadaithe pobail ar fud an Stáit roimh an cháinaisnéis i mí na Nollag.

Tá tacaíocht geallta cheana ag Comhairle Chontae Dhún na nGall, ag polaiteoirí agus eagrais éagsúla a bhfuil a n-ainmneacha le feiceáil ar shuíomh Idirlín an fheachtais, www.guthnag.com. Tá cúig éileamh ag Guth na Gaeltachta, arbh é an chéad cheann go gcoinneofaí Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht aire sinsireach.

Léirigh Guth na Gaeltachta an dea-eagar a bhí orthu nuair a seoladh an feachtas go hoifigiúil. Bhí buíon ceoltóirí óga agus cór daoine fásta, gléasta i t-léinte an fheachtais i mbun ceoil.

Ba léir ón scaifte mór a bhí i láthair go raibh tacaíocht láidir ag ag an fheachtas cheana féin.

Is beag a bhí le rá ag Ó Cuív faoi mholtaí Mhic Cárthaigh. Bhí a chuid cainte dírithe don chuid is mó ar straitéis 20 bliain an Rialtais a bhí le foilsiú roimh dheireadh na bliana agus na pleananna a bhí ann chun cuidiú leis an phobal, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge bheith mar ghnáth-theanga labhartha. 250,000 cainteoir cumasach i gcionn 20 bliain an sprioc a bhí acu.

Dúirt sé go mbeadh "athrú mór ar shainmhíniú na Gaeltachta" agus mar fhreagra ar cheist ó Dhonnchadh Ó hÉallaithe faoi theorainneacha na Gaeltachta dúirt sé nach mbeadh aitheantas Gaeltachta ag ceantar ar bith a mbeadh labhairt na Gaeilge ag níos lú ná seacht faoin gcéad den phobal ann.

Beidh plean ar leith ann chun cuidiú leis na Gaeltachtaí laga. Bhí Ó hÉallaithe in amhras, áfach, go mbeadh sé de mhisneach ag Ó Cuív athrú ar bith a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta.

aidhm aim - aitheantas recognition - anailís analysis - athrú change - cáinaisnéis budget - cumasach capable - éileamh demand - feabhas excellence - feachtas campaign - foilsitheoir publisher - Idirlíon Internet - sainmhíniú definition - tacaíocht support - teorainn border - urlabhraí spokesperson

  • Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date

  • Sign up for push alerts to get the best breaking news, analysis and comment delivered directly to your phone

  • Listen to In The News podcast daily for a deep dive on the stories that matter