Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Deacair a rá. Is cuimhin liom nuair a bhí mé 13 gur thug m’athair mé isteach go Claddagh Records agus cheannaigh sé roinnt albaim cheoil dom, ina measc albam de chuid Sheáin Keane. Bhí an-tionchar aige sin orm, chomh maith le hatheisiúint albam Paul Brady, Welcome Here Kind Stranger, a thug Daidí na Nollag dom timpeall 2008/2009.
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?
Má táim ag streachailt leis an gcruthaitheacht, is comhartha é sin go bhfuilim róghnóthach agus nach bhfuilim ag caitheamh a dhóthain ama liom féin. Déanaim ‘dícheangal’ ón bhfón. Is deacair dul ar thuras fada sa ghluaisteán liom féin gan aon raidió nó ceol. Tá saoirse ann agus tú ag díriú ar an tiomáint, tagann rudaí aníos go fo-chomhfhiosach.
READ MORE

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén cineál ealaíne cruthaithí ba mhaith leat a bheith agat?
Ba bhreá liom a bheith ábalta rud éigin a phéinteáil. Táim an-tógtha le hobair ealaíne fhisiciúil mar sin, ag dearadh agus ag cruthú rud don tsúil mar is dócha go mbím ag cruthú i gcónaí don chluas. Tá an-mheas agam ar na scileanna sin, péinteáil, dearadh, potaireacht, dealbhóireacht srl.
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Is dócha go gcaithfinn an chéim Dochtúireachta a rá. Thosaíos ar an obair sin agus mé 22 agus bhí baol ann cúpla babhta nach gcuirfinn i gcrích go deo é, ach go háirithe leis an bpaindéim. Ach buíochas le tacaíocht mo stiúrthóra an Dr Lillis Ó Laoire, d’éirigh liom sa deireadh thiar thall. Staidéar ar fhilíocht bhéil Ghaeltacht Mhúscraí atá ann agus is obair thábhachtach í a bheidh ann go deo anois.
Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
Chuir an sár-amhránaí a luas thuas, Lillis Ó Laoire, an-chomhairle orm síos tríd na bliana agus an-mholadh agus misneach. Ní roinnfidh mé na focail dheasa.
Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
Lean na rialacha.
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Thosaigh mé ar bheith ag féachaint ar Ros na Rún arís ón tús ar fad. Craoladh an chéad chlár i mí na Samhna 1996 agus is álainn an rud é dul siar ar bhóithrín na smaointe agus féachaint arís ar conas a bhí cúrsaí againn in Éirinn sna nóchaidí. An leabhar is ansa liom agus a bhfilleann mé air an t-am ar fad ná That They May Face The Rising Sun le John McGahern. Seoid liteartha é seo a bhfuil rud nua le baint as gach uair a léann mé é. Dochreidte cumhachtach.
Sheas siad suas ó thuaidh, d’éiligh siad cearta teanga agus chruthaigh siad ábhar ealaíon i nGaeilge agus chuir siad os comhair an domhain í.
An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?
Bhí an-tionchar ag Lillis Ó Laoire orm mar a luaigh mé thuas agus anuas air sin, Conallach eile, Seán Delap a bhí mar mhúinteoir staire agam i gColáiste Íosagáin. Táim an-tógtha go fóill le cúrsaí staire agus b’iad na ranganna staire sin, ach go háirithe an rang dúbailte maidin Luain, a spreag mé chun tabhairt faoi chéim san ábhar ar an tríú leibhéal.
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Bhí ceol na fidle ina fhuaimrian de m’óige. Idir mé féin, m’athair, mo dheirfiúr agus mo dheartháir, bhí an fhidil ag ceol i gcónaí sa bhaile. Bhímis ag seinnt tunes d’aon chuairteoir a tháinig isteach an doras chugainn, do mo sheanmháthair agus d’éinne eile a thabharfadh cluas dúinn. Is ón nGaeltacht mo mháthair agus chaitheamar gach aon saoire scoile dá raibh ann thíos i nGaeltacht Mhúscraí. Thóg mo thuismitheoirí teach i gCúil Aodha agus bhí mé timpeallaithe ag m’aintíní, m’uncailí, mo chol ceathracha agus cultúr na Gaeltachta thíos ann. Tá ainm in airde ag an áit ach go háirithe as na hamhráin agus bhíodar sin ann go tiubh le linn m’óige. Is dócha gur sin a spreag an fhoghlaim ar feadh an tsaoil fúthu agus faoin traidisiún béil. Táim an-mórálach as an nasc sin le Gaeltacht Mhúscraí. Táim ar an gcoiste áitiúil d’Éigse Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin agus braithim go láidir gur cuid den phobal sin mé. Bhí an-bhéim ann i gcónaí sa bhaile ar an oideachas agus an léitheoireacht.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?
Bheinn i gcónaí ag cumadh seónna, scéalta, ag scríobh drámaí agus amhráin agus bheadh muid féin agus na comharsana ag tabhairt taispeántais orthu. Bhíos de shíor ag léamh. Ba dheas liom a bheith ag bácáil agus ag cócaireacht chomh maith!
Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?
Scoil Samhraidh Willie Clancy agus mé óg, bhíodh ceardlann fidle ann le laochraí móra dem chuid Bobby Casey, Joe Ryan srl. B’iontach an deis a fháil Tony MacMahon a fheiceáil ag seinnt sa bhfíorshaol arís chomh maith.
Cén cineál áite a spreagann thú?
An Nádúr. An tAtlantach. Áit a bhfuil dúchas, oidhreacht, an Ghaoluinn.

Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge in Éirinn?
Tagann go leor frustrachais orm faoin tslí go bhfuil eagraíochtaí Gaoluinne ag feidhmiú agus a laghad infheistíochta atá ag teacht ón Rialtas - cé go bhfuil ardú airgid fachta acu i mbuiséad na bliana seo, céim dhearfach chun tosaigh. Tá go leor daoine cumasacha ag déanamh an-oibre ach tá troid mhór rompu agus tá sé an-deacair leanúint leis an troid sin mura bhfuil an rialtas sásta tacú mar is ceart leis an bpobal. Tá sé an-soiléir go bhfuil suim mhór ag an aos óg sa teanga agus go bhfuil siad ag déanamh athghabháil uirthi ar shlí agus ar scála, a fheictear domsa, nach bhfuil déanta go fóill. Tagann an spiorad sin ar fad ó na grúpaí agus ealaíontóirí ó thuaidh atá ag troid ar son cearta teanga. Tá sé dochreidte an iarracht phobail atá ann. Tá siad diongbháilte go bhfuil an teanga i gcroílár a bpobail agus a bhféiniúlachta agus, sa tslí sin, thugadar thar n-ais chugainne í mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht arís. Cúig bliana ó shin, ní raibh aon spéis ag daoine óga an tSaorstáit sa teanga. Sheas siad suas ó thuaidh, d’éiligh siad cearta teanga agus chruthaigh siad ábhar ealaíon i nGaeilge agus chuir siad os comhair an domhain í. Ansin ar deireadh mhúscail sin rud éigin i measc an aosa óig ó dheas agus thug siad thar n-ais a dteanga dóibh. Níl ann seo ach an tús. Gan dabht, bhí obair Mhancháin Magan lárnach ann seo chomh maith.
Cad é do mhana?
F*** na begrudgers.













