Reáchtáladh ‘Tionól Géarchéime’ eile ag Oireachtas na Samhna a tseachtain seo caite le díriú ar na céad chéimeanna eile do ghluaiseacht na Gaeilge.
Bhailigh grúpaí oibre ó eagraíochtaí teanga agus baill de phobal na Gaeilge as gach cearn den tír le cur síos a dhéanamh ar na dúshláin a bhí rompu agus moltaí a thabhairt.
Is i mí na Bealtaine, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, a eagraíodh an chéad Tionól Géarchéime, cruinniú a spreag Mórshiúl Náisiúnta na nGael a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair.
Labhair Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian De Spáinn, le Scéal agus rinne sé cur síos ar an méid a tharla ag an gcruinniú.
READ MORE
“Bhí seans ag daoine tuairisciú a dhéanamh ar rudaí éagsúla atá tar éis titim amach sna feachtais éagsúla”, a dúirt sé.
“Bhí sé thar a bheith tairbheach, go háirithe i ndiaidh an mhéid a baineadh amach i ndiaidh CEARTA agus an Mórshiúl le 25,000 duine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.
“Bhí an-chuid cainte faoin bplean tithíochta atá fógartha ag an rialtas agus céard ba chóir dóibh a chinntiú sa phlean sin, agus faoi chúrsaí maoinithe.
“An rud a dhéanfaimid anois as sin ar fad, cuirfimid plean oibre a chur le chéile agus scaipfimid é sin thar na grúpaí ar fad agus déanaimid iarracht gníomhú air sin sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”
Maítear go bhfuil laghdú 45% tagtha ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le 20 bliain anuas nuair a thugtar boilsciú san áireamh, cé go bhfuil fás tagtha ar an éileamh atá ann ar na seirbhísí atá faoi chúram na heagraíochta.
De réir mhúnla maoinithe an Fhorais, cuireann Roinn na Gaeltachta ó Dheas 75% den mhaoiniú ar fáil agus cuireann an Roinn Pobal ó Thuaidh an 25% eile ar fáil.
Mar sin, tá comhaontú ag teastáil idir an dá rialtas le maoiniú an Fhorais a mhéadú, rud a chiallaíonn i ndáiríre go bhfuil cros ag an DUP ar mhaoiniú na heagraíochta.

Tá an chuma ar an scéal áfach nach bhfuil an dá rialtas tar éis díriú ar an gceist seo le déanaí.
Mar a tuairiscíodh i Scéal an mhí seo caite, nuair a foilsíodh Comhráiteas oifigiúil tar éis cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i mBaile Átha Cliath, tugadh le fios nár pléadh maoiniú an Fhorais.
Faoi láthair tá imní ar ghníomhairí teanga nach mbeidh an Foras in ann úsáid a bhaint as an €2 mhilliún sa bhreis a fógraíodh dóibh i mBuiséad 2026 de bharr na heaspa comhoibrithe seo.
Dúirt Julian De Spáinn, “Ó Thuaidh, an scéal a chuirtear trasna i gcónaí ná nach bhfuil an t-airgead breise ann le cur isteach sa phota ach níor chóir go gcuirfeadh sé sin bac ar an rialtas ó Dheas níos mó airgid a chur ar fáil.”
“Murar féidir é a dhéanamh tríd an bhForas Thuaidh-Theas, caithfear an t-airgead dul amach an doras ar aon nós.”
Labhair Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, le Scéal chomh maith agus dúirt sé go raibh cruinnithe cosúil leis an Tionól Géarchéime tábhachtach lena chinntiú go mbeadh an ghluaiseacht teanga in ann feachtais eagraithe a reáchtáil.
“Cuirimid fáilte roimh an deis daoine a thabhairt le chéile. Caithfimid fanacht eagraithe”, a dúirt sé.
“Nílimid chun aon rud a bhaint amach mura bhfuilimid eagraithe. Mura bhfuilimid ag éileamh athruithe suntasacha ón bhunaíocht ó Thuaidh agus ó Dheas.”
Labhair Dara Mac Giolla Phádraig, a bhí i láthair ag an gcruinniú, le Scéal freisin agus dúirt sé go raibh sé buartha faoin easpa seirbhísí i gceantair thuaithe a bhí ag cur bac ar mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil do thithíocht.
“I ndiaidh an mhórshiúil, bhí sé go deas aiseolas a bhailiú ó dhaoine. Bhí sé úsáideach díriú ar na chéad chéimeanna eile don ghluaiseacht, mar ní leor mórshiúl amháin – níl ann ach céim i dtreo na sprice,” a dúirt sé.
“Bíonn na fadhbanna céanna ag teacht aníos arís is arís eile. Bhíomar ag díriú ar fhadhbanna séarachais i gConamara. Dúradh nach bhfuil na húdaráis chomh buartha faoi cheantair Ghaeltachta de bharr nach bhfuil an daonra chomh mór sin.
“Ach mar sin féin, má tá muintir na Gaeltachta ag íoc na cánach céanna is atá muintir na Galltachta, níl a fhios agam cén fáth nach gcuirtear na seirbhísí céanna ar fáil dóibh.”













