I gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, tá athbheochan tagtha ar cheird ársa i ndiaidh tréimhse fhada.
Tá Drioglann Chroithlí anois ag feidhmiú mar an chéad drioglann uisce beatha ceadúnaithe i dTír Chonaill le breis is 180 bliain.
Ní raibh baint ar bith ag comhlacht mór eachtrannach leis an tionscnamh seo – is triúr cairde a bhí ina gcónaí taobh lena chéile sa chontae a chuir tús leis: an t-innealtóir Conor McMenamin, an bialannaí Kieran Davis, agus an múinteoir Joe Devenney.

Bhíodh sé mar nós acu uiscí beatha a bhlaiseadh le chéile mar chaitheamh aimsire, ach tar éis turas go hOileán Ìle in Albain, fuair siad inspioráid a ndrioglann féin a oscailt.
READ MORE
Ar ndóigh, tá fréamhacha an uisce beatha sa cheantar seo níos doimhne ná mar a cheapfadh duine. De réir na dtaifead stairiúil, bhí manaigh ag bun na hEaragaile ag déanamh biotáillí chomh fada siar leis an séú haois AD.
Nuair a chuaigh Naomh Colmcille go hOileán Ìle, thug sé na modhanna sin leis, rud a chreidtear a chuaigh i bhfeidhm ar fhorbairt fhuisce na hAlban níos déanaí.
Nuair a tháinig athbheochan ar dhéantúsaíocht an uisce beatha i gContae Dhún na nGall, bhí foirgneamh galánta stairiúil ag fanacht le Conor, Kieran agus Joe - seanmhonarcha Bhábóga Chroithlí a tógadh le clocha eibhir áitiúla.
“Tógadh an foirgneamh seo in 1901, bhí sé ina mhonarcha de chuid Donegal Carpets – tá na cairpéidí sin go fóill le fáil i mBuckingham Palace, an White House agus Áras an Uachtaráin. Bhí siad ar fad lámhdhéanta agus tá cúpla sampla anseo againn,” a deir Catherine Nic Grianna, bainisteoir ar Ionad na gCuairteoirí i nDrioglann Chroithlí.

Dhún an mhonarcha nuair a cuireadh stop leis an traein a thug soláthairtí isteach ag tús an 20ú haois. In 1916, bhain Arm na Breataine úsáid as an bhfoirgneamh mar bheairic, agus tá go leor scéalta áitiúla ann fós faoi eachtraí a tharla ann i rith Chogadh na Saoirse.
Ansin, sna 1940idí, tháinig borradh nua faoi nuair a d’oscail monarcha Bhábóg Chroithlí. Tá an-tóir ar na bábóga fós i measc bailitheoirí, go háirithe i Meiriceá, ach dhún an mhonarcha ag deireadh na 1970idí nuair a tháinig bábóga saora plaisteacha ar an margadh.
“Dhruid sé ansin nuair a tháinig Barbie agus Ken in ’79,” a deir Nic Grianna.
Bhí an foirgneamh ina luí folamh agus tréigthe le blianta fada, ach bhí rud luachmhar ann – foinse uisce úr glan istigh san áit féin, mar a bheadh sé i gceann de na seanscéalta faoi na manaigh ag bun an tsléibhe.
Níorbh fhada go raibh Údarás na Gaeltachta sásta dul i gcomhpháirtíocht leis na bunaitheoirí chun a bhfís a thabhairt chun cinn.
Déanann an drioglann dhá bhairille dhéag sa tseachtain – i gcomparáid le drioglanna móra eile a dhéanann an méid céanna in aon bhomaite amháin.
Ceann de na gnéithe is suimiúla den drioglann ná an modh táirgthe féin. Úsáideann Drioglann Chroithlí stileanna Charentais ón bhFrainc – coireanna copair a bhíodh in úsáid tráth i ndriogadh Cognac.
Don chuid is mó, baineann drioglanna nua-aimseartha úsáid as gal leis na stileanna a théamh, ach i gCroithlí baintear úsáid as teas na tine.
Cruthaíonn an próiseas seo imoibriú Maillard, an próiseas céanna faoina dtagann donnú ar arán nó ar fheoil – agus sa chás seo, tugann sé doimhneacht agus blas casta don bhiotáille fiú nuair atá sí fós óg.
“Líon mór drioglanna nuair a osclaíonn siad, tosaíonn ag déanamh jin nó vodca – rud atá gasta le déanamh,” a deir Nic Grianna.
“Ach anseo, bhí na húinéirí ag iarraidh uisce beatha amháin ar ardchaighdeán a dhéanamh.”
Mar sin, rinne an comhlacht rogha dána: gan táirge tapa a dhéanamh, ach fanacht le toradh mall na ceirde. Déanann an drioglann dhá bhairille dhéag sa tseachtain – i gcomparáid le drioglanna móra eile a dhéanann an méid céanna in aon bhomaite amháin.

“Glacaimid ár n-am leis an uisce beatha agus táimid ag iarraidh uisce beatha maith a chur amach,” a deir sí.
Luann Nic Grianna freisin nach gcuireann Drioglann Chroithlí a lipéid ar uisce beatha nach bhfuil déanta acu féin. Is cleachtas coitianta é ag na drioglanna móra nó ag comhlachtaí nua in Éirinn biotáille a cheannach i gceantanna príobháideacha sula gcuirtear ar an margadh é.
“Tá líon mór uisce beatha amuigh ansin agus tá líon mór daoine ag cur lipéid ar uisce beatha nach bhfuil siad féin a dhéanamh,” a mhíníonn sí.
Mar chuid den straitéis airgeadais, d’oscail siad an “180 Club”, áit ar ceannaigh infheisteoirí bairillí ar €6,000 an ceann. “Sin an áit ar tháinig muid ar an ‘180 Club’ – cheannaigh achan duine bairille ar €6,000. Chuidigh sé sin linn mar sin Ionad na gCuairteoirí a oscailt,” a deir Nic Grianna.
Inniu is féidir le duine ar bith a bheith mar chuid den chlub “Croithlí le Chéile”, má tá suim acu bairille a cheannach ón drioglann. I measc na ndaoine a rinne infheistíocht tá Enya, Moya Brennan agus fiú Celtic FC.

Tá Ionad na gCuairteoirí anois ar cheann de na nithe is suntasaí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bíonn sé oscailte seacht lá na seachtaine, le turais threoraithe a tharlaíonn gach uair an chloig. Cuimsíonn siad blaiseadh uisce beatha, léargas ar an bpróiseas driogtha, agus taispeántas ilmheánach ar stair na ceirde.
Tá beáir, caifé agus seomra blaiste ar an láthair, agus bíonn ócáidí ceoil agus imeachtaí meascán dí ar siúl go rialta. Tá an drioglann anois mar chuid thábhachtach de thurasóireacht chultúrtha an cheantair.

Díoltar an chuid is mó den uisce beatha go díreach leis an gcustaiméir trí shiopa na drioglainne agus tríd an siopa ar líne. Téann roinnt cásanna chuig clubanna uisce beatha agus bailitheoirí, agus tá an branda le fáil i roinnt siopaí speisialaithe agus óstáin in Éirinn agus sa Bhreatain.
“Líon mór dár n-uisce beatha bíonn sé ceannaithe ag daoine a théann ar an idirlíon agus ag daoine a bhíonn anseo ar cuairt againn, agus coinníonn siad ag ceannach an uisce beatha tar éis an chéad bhlaiseadh,” a deir Nic Grianna.
“Bíonn an t-uisce beatha ag dul, don chuid is mó, go hÉirinn agus Sasana – agus tá 10 faoin gcéad ag dul chuig na Stáit Aontaithe fosta.”
Tá forbairt leanúnach ar siúl. Is é an táirge is déanaí atá acu ná an PX Single Cask, an chéad uisce beatha ar domhan a driogadh le tine dhíreach i stileanna Charentais agus aibithe i mbairille 500 lítear a bhí séasúraithe le seiris Pedro Ximénez ar feadh dhá bhliain. Ní bheidh ach 698 buidéal de á scaoileadh i Samhain 2025.
Cé go bhfuil an margadh idirnáisiúnta iomaíoch, tá an cur chuige cúramach ag Drioglann Chroithlí ag tabhairt cosaint áirithe dóibh ar an luaineacht praghsanna agus ar tharaifí idirnáisiúnta.

Is tionscadal é a nascann ceird, oidhreacht agus pobal. Le tine bheo faoin gcoire agus le huisce glan ag rith tríd an bhfoirgneamh stairiúil, tá Drioglann Chroithlí ag cur anam nua i gceird a bhí ina tost i nDún na nGall le beagnach dhá chéad bliain.













