I measc na gceisteanna leanúnacha atá roimh an Fheidhmeannas ó thuaidh, tá ceisteanna maidir leis an Ghaeilge agus coimitmintí nach bhfuil comhlíonta ina leith ag na hinstitiúidí cumhachtroinnte i gcaitheamh na mblianta.
Tá forálacha ag dul siar chomh fada le Comhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus Comhaontú Chill Rímhinn in 2006 nach bhfuil comhlíonta mar is ceart go fóill, agus in ainneoin an iliomad gealltanas a tugadh ó shin, tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht ar dhul chun cinn suntasach ar chuid mhór de na ceisteanna seo.
Baineann go leor den mhoill leis an DUP agus an nós atá acu gan comhaontuithe a chur i bhfeidhm ina n-iomláine mura n-oireann na forálacha dóibh ag an tréimhse sin. Fiú i ndiaidh dóibh aontú ar fhorbairtí i bprionsabail, is minic nach gcuireann siad an t-aitheantas agus na hacmhainní cuí ar fáil sna háiteanna a bhfuil siad de dhíth. Sampla amháin ná gur sheachain an DUP gníomhú ar cheist na Gaeilge chomh fada sin go raibh ar Westminster seasamh isteach agus reachtaíocht teanga a chur fríd an Pharlaimint mar gheall ar theip sin an DUP an fhoráil a chomhlíonadh.
Thiocfadh tagairt a dhéanamh do chuid mhór rudaí atá ráite faoin Ghaeilge ag an pháirtí le blianta beaga anuas. Ach, an cheist a ardaítear ná mura bhfuil an DUP sásta forálacha i gcomhaontuithe maidir leis an Ghaeilge a chomhlíonadh, an féidir a rá go bhfuil siad dáiríre faoin chumhacht chomhroinnte ar bhealach ar bith?
READ MORE
Tá an córas cumhachtroinnte bunaithe ar na comhaontuithe a rinneadh ó na 1990í i leith. Ar bhealach, is léiriú í ceist na teanga ó thuaidh ar laigeacht na n-institiúidí agus an chórais trí chéile.
Tugann ceapadh an Choimisinéara Teanga deis do pholaiteoirí freagraí a fháil ar na ceisteanna seo ó dhuine a dhéanfaidh na cinntí bunaithe ar shaineolas…
Tugadh cead do Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite Athbhreithniú Breithiúnach a thabhairt in éadan an Fheidhmeannais agus in éadan an Aire Pobal Gordon Lyons mar gheall nach bhfuil an Straitéis Gaeilge foilsithe agus aontaithe ag an phointe seo.
Cinneadh sna cúirteanna in 2017 agus arís in 2022 go raibh ag teip ar an Fheidhmeannas a dhualgais a chomhlíonadh maidir le Straitéis a thabhairt isteach mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn. Beagnach fiche bliain ar aghaidh, níl aon iomrá ar an straitéis sin in ainneoin dréachtstraitéisí agus roinnt comhairliúcháin phoiblí idir an dá linn, agus chinn Conradh na Gaeilge nach raibh an dara rogha acu ach brú a chur ar an Aire agus ar an Fheidhmeannas uair amháin eile.
Caithfidh sé go n-ardaíonn an cur chuige seo ceisteanna maidir le feidhmiú na struchtúr atá in áit chun comhaontuithe a chur i bhfeidhm agus chun seirbhísí a sholáthar do mhuintir na sé chontae.
Bhraith cuid mhór de Chomhaontú Aoine an Chéasta ar dhea-thoil na bpolaiteoirí san Fheidhmeannas na forálacha a chur i bhfeidhm. Chun na dualgais faoi na comhaontuithe seo a chur i gcrích, tá ceannach isteach agus ceannasaíocht de dhíth fiú nuair atá cinntí deacra le déanamh. Ní raibh an cheannasaíocht sin le feiceáil le fada an lá ar go leor ceisteanna, go háirithe ar cheisteanna a bhaineann leis an teanga, agus is boichte na struchtúir mar gheall air seo. Laghdaítear muinín an phobail sna hinstitiúidí mura bhfeictear iad ag feidhmiú i gceart.

Seo uilig ráite, tá comharthaí dóchais ann in amanna. An tseachtain seo caite tháinig an scéal amach go mbeidh an Roinn Oideachais ag cur maoiniú ar fáil do Scoil Spreagtha, scéim an-rathúil de chuid Gael Linn a thug an deis do chuid mhór páistí bunscoile an Ghaeilge a fhoghlaim i scoileanna lán-Bhéarla. Bhí an scéim i mbaol de bharr easpa maoinithe le tamall, agus dhiúltaigh an tAire Paul Givan ón DUP bualadh le Gael Linn le fada. Tá maoiniú anois cinntithe do bhliain amháin ar a laghad, rud a chiallaíonn go leanfar leis an scéim.
Ar a bharr sin, sa deireadh thiar thall, ceapadh Pól Deeds ina Choimisinéir Teanga don Ghaeilge i ndiaidh próiseas earcaíochta a mhair breis agus seacht mí, agus thart fá chúig bliana i ndiaidh don ról a bheith geallta mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in 2020. Cuirfidh Pól Deeds tús leis sa ról i lár mhí na Samhna, agus ag an am céanna cuirfidh Lee Reynolds tús lena ról féin mar Choimisinéir na hUltaise.
Tá go leor ceisteanna eile i mbéal an phobail faoi láthair maidir le comharthaíocht dhátheangach ar shráideanna nó sa mhol taistil nua i mBéal Feirste, mar shampla. Tugann ceapadh an Choimisinéara Teanga deis do pholaiteoirí freagraí a fháil ar na ceisteanna seo ó dhuine a dhéanfaidh na cinntí bunaithe ar shaineolas, ar fhianaise, agus ar chomhlíonadh dualgas reachtúil.
Beidh le feiceáil an féidir ceist na Gaeilge a thabhairt amach as réimse na polaitíochta agus deis a thabhairt don Ghaeilge an t-aitheantas cuí a fháil. Bheadh deis anseo chomh maith do pholaiteoirí díriú ar sholáthar seirbhísí don phobal trí chéile arís sna hinstitiúidí cumhachtroinnte ar an bhealach a bhí samhlaithe siar i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Idir an dá linn, rachaidh an cheist ar ais chuig dea-thoil agus dea-mhéin na bpolaiteoirí an córas a fheidhmiú i gceart.
Foclóir: an Feidhmeannas ó thuaidh = the northern Executive
forálacha = provisions
comhlíonta = fulfilled
ceannasaíocht = leadership
próiseas earcaíochta = recruitment process
aitheantas = recognition













