Uaireanta is fiú filleadh ar leabhar a léigh tú fadó fadó, nó leabhar as tréimhse eile a bhfuil tuiscintí éagsúla ar an bpobal ann seachas mar atá i réim anois. Bíonn an leabhar sin agat ar an tseilf agus ní he go bhfuil ag déanamh ‘gabh i leith ort’ ach go bhfuil a fhios agat gurb ann dó agus go bhfuil ag fás uaigneach ina aonar.

Sin é an fáth gur shínigh mo lámh amach go dtí Mhaireadar san Ardchathair le Donn S. Piatt is gur bhaineas anuas é chun mo chuid fiosrachta a shásamh arís. Foilsíodh sa bhliain 1957 é, agus cé nach cianstair í sin d’aon duine againn, samhlaítear na blianta sin tar éis an chogaidh mar uain gur mhaith gur thángamar slán aisti. Is é atá ann ná cuntas gairid ar ghnéithe den Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ó dheireadh an 16ú haois go dtí lár an 19ú haois. Bíodh go bhfuil go leor scríte ar an ábhar seo ó shin, trácht comair is ea é seo a bhfuil ábhar luachmhar ann i gcónaí don té nár theangmhaigh lena leithéid roimhe, nó don leatheolach féin ar mhian leis a bhfuil aige a athnuachan.
Rud a bhíogfadh an léitheoir a thiocfadh suas leis an leabhar inniu ná a dhlúithe is a cheanglaíonn an t-údar an Ghaeilge agus saol na muintire leis an gcreideamh. B’fhéidir go gcuirfeadh sin corrabhuais ar dhaoine áirithe anois ach b’in mar a bhí, óir mar a deir sé bhí ‘sórt “cruitín iarainn” idir an domhan Caitliceach agus an domhan Protastúnach’ agus ní hé Baile Átha Cliath na dTithe Seoirseacha agus an chinsil a bhfuil trácht aige air anseo. Cé go raibh súil le teacht duine de na Stíobhartaigh lofa chun cabhraithe linn ‘ní raibh siad thar mholadh beirte mar Chaitlicigh.’ Scríobh Seán Ó Neachtain dán mar gheall ar shagairt na cathrach a léirigh nach raibh ‘aon ghanntanas oidí faoistine ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath fholaithe an 18ú haois.’ Tá moladh aige do ‘Banríon uasal na hAlban’, Máire, cé go gcaithfí a rá nárbh í an phearsa ríogúil ba chliste d’aicme nár dhual dóibh a bheith róchliste ar aon nós í. Agus molann sé ‘leasú’ na heaglaise in Éirinn sa 12ú haois de bharr ‘lofacht an tseanchórais Ghaelaigh agus gurb ‘amadán a bheadh dílis dó.’
Ina choinne sin, tá sé admhálach gur ‘Teagasc Críostaí Protastúnach’ é An Aibidil ‘an chéad leabhar Gaeilge a chlóbhuaileadh in Éirinn’ sa bhliain 1571, agus tá sásta seoltaí na n-áiteanna inar clóbhuaileadh leabhair eile a thabhairt dúinn. Tugann gradam faoi leith do Seanmóirí Uí Ghallchobhair ‘an chéad leabhar tábhachtach Caitliceach a foilsíodh riamh sa phríomhchathair’ agus ar cuireadh iomad cló air.
READ MORE

Mar a thuigfí, tá ionad faoi leith tugtha aige do Sheán Ó Neachtain, an file, scríobhaí agus fear léinn a raibh cónaí air i Sráid an Iarla lámh le Sráid na Mí. Fiafraíonn sé nach ‘aisteach gur gá an cheist a chur, cérbh iad muintir Neachtain? Cé chuirfeadh ceist i Sasana, cérbh iad na Brontes?’ Don té a bhfuil a thuilleadh eolais uaidh níorbh fhearr rud a dhéanfadh sé ná greim a fháil ar The Ó Neachtain Window on Gaelic Dublin, 1700-1750 le Liam Mac Mathúna (Cork Studies in Celtic Literature 2021).
Meabhraíonn dúinn chomh maith an tArdeaspag Seán Mac an tSaoir, an ‘fear óg cathrach,’ ‘mac táilliúra as Lána Seansaire in aice leis an gcaisleán’ nach foláir nó bhí Gaeilge ó dhúchas aige, nó ar a laghad ina thimpeall, agus a scríobh leabhar fada urnaithe sa teanga sin, agus ar cruthú é go raibh pobail Ghaeilge éigin sa chathair riamh amach go dtí uair éigin san 19ú haois.
Tá daoine eile, leis, ann ar de dhúchas na cathrach iad agus fág go raibh ‘clann Bhullaigh’ in uachtar bhí oiread eile ar siúl i measc na cosmhuintire nach bhféadfaí a mhaíomh gur ‘giota de náisiún Shasana ar seachrán in Éirinn’ a bhí i mBaile Átha Cliath riamh, ná baol air.
Thug seo orm leabhar eile a bhain le scéal na cathrach a thógaint im lámha agus arb é Ar Bhruacha na Life: Stair Átha Cliath go dtí an Bhliain 1803 le Breandán Mac Raois atá ann. Stair níos coinbhinsiúnta í ach lomlán agus breac siar amach go tiubh is go daingean le mioneolas agus mionsonraí. Is beag leabhar don ghnáthphobal is cuimsithí ná é ar an ábhar seo. Mar theist ar sin, tá dhá leathanach is fiche d’innéacsaí mionchló ann a thugann treoir duit faoi na daoine, na háiteanna, na forais agus na heagraíochtaí a luaitear i gcorp an leabhair istigh. Tá an stair ina gluaiseacht tríd agus na mórphearsana ag teacht is ag imeacht, eaglaisí agus foirgintí á dtógáil, canálacha á dtochailt, ceannaircí á mbeartú, faisin ag claochlú, géarchéim ar muin tréimhse síochána i ndiaidh a chéile.
Gné a réitigh liom féin go háirithe is ea mar atá le tuiscint ón bhfotheideal, gur stair ón tús í. Is rómhinic a thugtar le fios gurb iad na Lochlannaigh bharbartha aduaidh a bhunaigh is a chéadlonnaigh an baile. Bhí Aire Oideachais againn uair amháin a bhain leis an Lucht Oibre is a mbíodh féasóg bheag air a dúirt nach raibh an Ghaeilge riamh á labhairt i mBaile Átha Cliath. Ní foláir nó nuacht a bheadh sa mhéid sin do léithéidí Mobhí i nGlas Naíon, Paipín i Seantrabh, Fionntán i nDún Chaoin, Barróg i gCill Bharróg, Comhghall sa tSeanchill, Naithí i nDún Droma gan trácht ar chúigear iníon Léinín (gan aon ghaol acu le Vladimir Ilich) in aice le Deilginis. Tá mionchuntas anseo ar réamhstair an cheantair agus lánleas á bhaint aige as na hainmneacha dúchais, idir thuatha agus tíreolas. Glacaim leis gur scread as Gaeilge a lig Ab Dhroimnigh uaidh nuair a mhúscail as a shuan is a fuair amach go raibh athrú inscne dulta air sa cheo agus é ar a shlí go Mainistir Tamhlachta. Agus maidir leis na Lochlannaigh mhallaithe féin níorbh aon bhóthar réidh dóibh an áit a ghabháil: ‘Sheas na Bleá Cliathaigh go cróga i gcoinne na n-ionróirí agus mhair an t-ionsaí idir sé agus ocht mí.’ Agus cheapamar nach raibh aon duine ina chónaí cois Life ag an am!
Foclóir:
Uain = time
corrabhuais = confusion
cianstair = ancient history;
uaigneach = lonely
lofa = rotten
Lochlannaigh = Vikings
Ab = abbot
ionróirí = invaders










