Casaim le Megan Nic Ruairí, amhránaí agus pianódóir an bhanna Bold Love, i gCornucopia i lár na cathrach. Ordaítear seacláid the, é rómhall sa lá don chaiféin, ach muid buíoch as tearmann teolaí i gcathair nach bhfuil mórán caiféanna ar oscailt inti ar thráthnónta báistiúla an fhómhair. Tá sí díreach fillte ó Chill Dara, áit a bhfuil a gcéad cheirnín, Dancing & Loving, á ghearradh ag an gcomhlacht nua Anthem Vinyl.
Tá stíl shainiúil ag Megan: folt geal gruaige rua faoi chaipín liath, fáinní cluasa móra órga, sciorta cródhearg (nach bhfuil éagsúil ón gceann scoile a chaith mé féin tráth) thar bhríste géine. Is sainiúil an íomhá atá ag Bold Love freisin. “Glacaim leis,” a deirim, “go bhfuil baint éigin agatsa leis sin?” Lasann a súile. “B’fhéidir é!” ar sí le gáire, “Is breá liom é! Fiú photoshoots agus a leithéid. Táimid uilig i ngrá lena chéile agus táim ag iarraidh go mbeidh sin le feiceáil. Agus sílim go mbíonn láidreachas le héadaí. Tá tú ábalta banna a aithint ar an tsráid - you’ll go ‘sin banna!’ - de bharr na n-éadaí atá orthu.” Luann sí Wes Anderson mar fhoinse inspioráide dá bhfíseán ceoil, agus Vivienne Westwood agus Simone Rocha mar thagairtí faisin. “An tseanstíl fosta - suits, tweed, knits agus achan rud - agus rudaí Éireannacha. Tá faisean anseo dochreidte faoi láthair.” Is maith a oireann an stíl sin dóibh freisin. B’éasca iad a shamhlú suite ag Grogan’s nó ar chosáin Shráid Drury. “An bhfaca tú an físeán sin ‘Drury Duty’ ar líne?!” a fhiafraíonn sí le gáire ceolmhar, “anois níl mise ag iarraidh dul isteach sa chathair gan rud cool orm, níl a fhios agat cé atá chun thú a fheiceáil! Tá sé vain, ach tá sé fíor!”

In ainneoin gurb é Dancing & Loving chéad cheirnín an bhanna, is fada an bóthar atá siúlta ag an seisear a chas ar a chéile ar dtús in BIMM nach mór cúig bliana ó shin. “Ach roimhe sin fiú táimse i ngrúpa le mo theaghlach, Clann Mhic Ruairí, agus bhí muid ag gig i mBéal Feirste istigh sa Chultúrlann agus bhí Liam Ó Maonlaí ansin. Bhí mo chroí istigh in sna hamhráin agus scéalta a bhí aige agus an dóigh a raibh sé ag seinm an phianó. Agus dúirt Liam ‘ó seo mo mhac Cian’ - agus bhí mise agus Cian ocht déag agus naoi déag ag an am is dúirt muid ‘yeah, hi, whatever’ - agus ní raibh muid ag caint lena chéile...Teenagers!”
Is breá liom a bheith i mo chónaí anseo. Ba mhaith liom fanacht a fhad is go bhfuil mé ábalta.
Suíonn glórtha na beirte go compordach lena chéile ar an Dancing & Loving anois áfach. Freagraíonn siad dá chéile thar rithimí sofaisticiúla rac le fuaimeanna fairsinge giotáir agus méarchláir le domhain fhuaime a chruthú ina bhfiosraítear caidrimh, caillteanas, agus fás aníos. Is léir ag éisteacht le ceol na beirte go bhfuil fios a gceirde acu agus tuiscint ar leith ar chúrsaí ceoil, is dócha toisc gur ón gcliabhán a fuair siad é. “Sin rud a cheanglaíonn muid. Tá teaghlach Jack i mbanna freisin - The Henry Girls - agus is drumadóir é athair Anton. Tuigeann muid ceol ó ghlúin go glúin - agus fosta leis an Ghaeilge, tá Gaeilge ag leathchuid againn. Thuig muid a chéile is dócha.”
READ MORE
Titeann ceol Bold Love faoi bhrat an phop-rac. B’éasca iad a shamhlú i gcomharba bhannaí móroidhreachta rac-cheoil na tíre seo, ach tá splanc acu a scarann ón bpríomhshruth iad. “Bhí mise agus Cian i gcónaí ag éisteacht le ceol Éireannach, go háirithe leis an cheol traidisiúnta. Agus fiú leis an dóigh a cheolann muid, leis an ornaidíocht agus rudaí, agus bíonn tionchar ollmhór ag an cheol Gaelach agus Éireannach ar an stuif atá á scríobh againn anois.”
Cé gur le blas séimh Thír Chonaill a labhraíonn Megan, is léir go bhfuil sí ar a compord i mBleá Cliath. Tá fréamhacha sa gcathair ag an mbanna is léir, agus rian na cathrach ar scéalaíocht na n-amhrán. “Tá Cian ábalta liricí a scríobh ar an spota agus dul siar ar notebook s’aige. Cuidíonn mise le focail anseo agus ansin, ach bíonn liricí speisialta aige, tá sé ábalta scéal suimiúil a chruthú.”
Is deas dóchas agus dearfacht i leith na cathrach a chloisteáil. Is minic a bhíonn muid ag caint ar na dúshláin, go háirithe ó thaobh saol na n-óg agus saol na n-ealaíontóirí de, ach níl lagmhisneach uirthi. “Tá amhrán ar an EP a chum Cian (The Streets Are Sleeping) faoi thitim i ngrá le Bleá Cliath arís - love-hate relationship! Agus ag éisteacht leis deir tú leat féin ‘aw, tá an áit go maith’!”

“Is breá liom a bheith i mo chónaí anseo. Ba mhaith liom fanacht a fhad is go bhfuil mé ábalta. Le blianta bhí ar dhaoine bogadh fá choinne céim sa cheol a bhaint amach nó don aitheantas. Ach sílim go bhfuil áiteanna ag cur stáitse ar fáil anois, ar nós Spindizzy, agus ag cur fáilte roimh cheol. Tá sé iontach deacair go bhfuil sé chomh costasach ach tá an cultúr really exciting faoi láthair. Tá buzz ann! Tá trad ollmhór i mBaile Átha Cliath anois! Popcheol! ‘Is é an trua nach bhfuil an Rialtas ag cuidiú linn a bheith ábalta fanacht anseo. Ach b’fhéidir leis an athbheochan seo go mbeidh athrú ann. B’fhéidir go mbeidh deis fanacht anseo.”
Labhraíonn muid faoi na tacaíochtaí eile a bhíonn ag teastáil ó cheoltóirí, na meáin go háirithe. “Dúirt CMAT nach bhfuair sí mórán tacaíochta anseo go dtí go bhfuair sí tacaíocht i dtíortha eile, agus ansin dúirt na meáin Éireannacha ‘oh she’s Irish!’ Caithfidh muid a bheith ansin ón chéad lá ag tacú le ceoltóirí Éireannacha ar an raidió, ar líne, sna páipéir. Níl aon mhaith in ‘claiming after the fact’, caithfimid a bheith ann dóibh ón tús.”
Agus cé nach bhfuil an banna seo ach ina thús, is léir go bhfuil mianta móra agus todhchaí gheal amach rompu. Agus an EP eisithe le cúpla lá, tá siad ag cuimhneamh ar an gcéad togra eile cheana féin.
“Ba bhreá linn albam a thaifead. Nuair a bhíonn muid ag scríobh bíonn muid in ann é a fheiceáil: na móimintí ar fad agus íomhánna. Agus.. we’re a live band! Tá muid mór agus láidir ar stáitse. Bhí samhradh iontach againn agus táimid ag iarraidh sin, agus double it. Triple it!”
Agus tá muinín chiúin ag Megan a fhágann - nuair a insíonn sí dom faoi na spriocanna seo, a súile ag lonrú - go gcreidim i mo chroí istigh go mbainfear amach iad.









